An Cumann Scoildrámaíochta

Ghlac Rang 4 páirt san Fhéile Áitiúil san “Arts Centre” i Muileann gCearr, Déardaoin seo caite, an 8ú Márta 2018. Is é ainm an dráma atá acu ná “Mac Rí an Longfoirt”. Scríobh Máistír Ó Laighin an dráma. Rinne na páistí an chuid ullmhúcháin roimh ré, mar shampla páistí éagsúla ag baint triail as páirteanna éagsúla. Bhí suim an mhór ag na páistí i gcultacha, propaí, cursaí aisteoireacha, cursaí amhránaíochta, cursaí damhsa agus mar sin de. Tá an próiséas fíor tábhachtach. D’éirigh linn dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile i Féile Cúige Laighin. Beir bua agus beannacht!

Beidh an Féile Cúige Laighin ar siúl i Muileann gCearr arís ag tosú ar an 20ú Márta agus ag críochnú ar an 22ú Márta. Beimid ag dul ar an ardán ar an gCéadaoin an 21ú Márta ag 10:30r.n. Beidh gach páiste i Rang 4 páirteach.

Comhghairdeas Máistír Ó Laighin agus Rang 4 agus go n-éirí an bóthar libh.