Plean Gaeilge

Stonepark Plean Gaeilge

Réamhráiteas

Tháinig muid le chéile i mí na Nollag 2009 chun an plean scoile don Gaeilge a phlé. Bhainaimid úsáid as ár dtaithí féin – na leabhar curaclam – an teolas a bhailíomar ó na muinteoirí atá ceangailte ann. Bhí na múinteoirí i láthair ag na laethanta inseirbhíse a chur an Roinn Oideachais ar fáil dúinn.

Déanadh athbhreithnú ar an plean seo i Mí an Mheitheamh 2011 tar éis comhoibriú idir an príomhoide agus na múinteoirí.

Bunchúiseanna

Tá gá leis an bplean seo:

  • chun cabhrú linn an Curaclam a chur i bhfeidhm agus a chur in oiriúint d’ár scoil
  • chun go mbeidh treoir chinnte againn i múineadh agus úsáid na Gaeilge
  • ionas go mbeidh léanúnachas agus forbairt ó rang go rang
  • chun an Cur Chuige Cumarsáideach a chur i bhfeidhm sa scoil
  • chun comhthéacs a chruthú d’úsáid na Gaeilge sa scoil
  • chun eolas a thabhairt do dhaoine nua ag obair sa scoil, m.sh. ionadaithe

Fís / An plean i gcomhthéacs na scoile seo

  • Is í aidhm dúinn sa scoil spéis sa Ghaeílge a chothú trí na páistí a spreagadh chun í a úsáid in atmaisféar taitneamhach gan bhrú. Chuige sin ba chóir go mbeidh gach duine sa phobal scoile – an príomhoide, na múinteoirí, na tuismitheoirí agus an bord bainistíochta – ar aon intinn faoi úsáid na Gaeilge sa scoil.
  • Tá dearcadh dearfach i leith na Gaeilge ag múinteoirí na scoile agus déanann muid ar fad iarracht an Ghaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir i rith an lae.
  • Ní chloistear mórán Gaeilge i dtimpeallacht na scoile ach ba mhaith linn go gcloisfí í ag imeachtaí ar nós cluichí a eagraíonn Cumann na mBunscol agus comórtaisí damhsa.
  • Tuigeann muid go bhfuil buntáistí ag baint le foghlaim na Gaeilge, go háirithe mar faigheann na páistí tuiscint ar thábhacht na teanga maidir lenár gcultúr.
  • Tá dearcadh dearfach ag tromlach na tuismitheoirí i leith na Gaeilge. Tá a gcomhoibriú thar a bheith tábhachtach chun dearcadh dearfach don Ghaeilge a chothú sna páistí. Is féidir leo tacaíocht a thabairt d’obair na scoile agus d’obair an ranga trí cabhrú leis an obair bhaile agus trí Ghaeilge a chleachtadh ar ócáidí áirithe sa bhaile.

Aidhmeanna

Is iad aidhmeanna an churaclam Gaeilge ná:

  • Taitneamh a bheith le baint as foglaim na Gaeilge
  • Dearcadh dearfach i leith na nGaeilge agus spéis agus dúil intí a chothú
  • Úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide a chur chun cinn sa rang chomh minic agus is féidir
  • Cumas éisteacht agus labharta an pháiste a fhorbairt agus a mhuínín chun an Ghaeilge a úsáid a chothú
  • Cumas léitheoireachta agus scríbhneoireachta an pháiste a chothú ag leibhéil a oireann dó / dí féin.
  • Éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht a fhorbairt ar bhealach comhtháite
  • Feasacht teanga agus feasacht cultúir a chothú
  • Curam a dhéanamh d’fhorbairt shóisialta, chognaíoch, mhothúchánach, shamhlaíoch agus aeistéitiúil an pháiste
  • Cur le líofacht, le cruinneas foghraíochta agus le saibhreas teanga an pháiste

Ábhar agus Modheolaíoch

Tá an plean don Ghaeilge eagraithe faoi na ceannteidil seo leanas:

1. Pleanáil don Churaclam

  1. Cur Chuige Cumarsáideach
  2. Feidhmeanna teanga
  3. Snáitheanna an Churaclaim
  4. Comhtháthú na snáitheanna
  5. Téamaí, straitéisí agus modhanna múinte
  6. Gaeilge Neamhfhoirmiúil – úsáid na Gaeilge i rith an lae

2. Pleanáil Eagraíochta

  1. Pleanáil an Mhúinteora
  2. Áiseanna
  3. Éagsúlacht cumais
  4. Comhtháthú le hábhair eile
  5. Measúnú
  6. Obhair bhaile
  7. Forbairt foirne
  8. Tuismitheoirí agus an Ghaeilge
  9. Comhionannas

Pleanáil don Churaclam

Cur Chuige Cumarsáideach

Tá an-bhéim ar an gcumarsáid sa churaclam seo. Tá cumarsáid i gceist sna ceithre shnáithe, san ábhar teagaisc agus foghlama agus san modhanna múinte. Tuigeann na múinteoirí go bhfuil trí thréimhse sa cheacht – sa tréimhse réamhchumarsáide múintear an teanga: sa tréimhse cumarsáide bíonn seans ag na páistí an teanga a úsáid le chéile agus sa tréimhe iar chumarsáide ceartaítear na botúin agus déantar dul siar. Bíonn an bhéim i gcónaí ar dheiseanna a thabhairt do na páistí an teanga a labhairt.

Feidhmeanna teanga (Féach Aguisín 1)

Is iad na feidhmeanna croílár an churaclaim Ghaeilge. Is é is ciall le feidhm teanga ná an úsáid a bhaineann duine as an teanga chun cuspóir éigin cumarsáide a bhaint amach, m.sh. cuireadh a thabhairt. Beidh cóip dena feidhmeanna teanga le fail í ngach seomra. Cuirimid na heisleamláiri in oirúint do na théama/ fothéama. Tá gá le eiseamláirí na bhfeidhmeanna teanga a roghnú chun go mbeidh:

  • an fhoireann ar fad aontaithe ar an gcur chuige
  • forbairt agus leanúnachas le feiceáil óna Naíonáin go Rang 6
  • treoir agus structúir do fhoireann na scoile
  • na páistí in ann an Ghaeilge atá acu a úsáid chun labhairt /léamh/ agus scríobh faoí topaicí a bhfuil
  • spéis acu féin iontú , is cuma cé chomh teoranta is atá sé.

Snáitheanna an Churaclaim (Féach Aguisín 2 – Forbairt ar na snáitheanna)

Éisteacht

Sa scoil seo úsáideann na múinteoirí an Ghaeilge chomh minic agus is féidir i rith an lae. Tá an-bhéim ar tábhacht na héisteachta i sealbhú teanga agus i gceist anseo tá:

  • éisteacht go neamhfhoirmiúil sa rang agus sa scoil m.sh. bainisteoireacht ranga, múinteoirí ag cumarsáid le chéile, frása na seachtaine agus sa mbaile m.sh. ag féachaint ar TG4.
  • éisteacht go foirmiúil, m.sh. rainn, tascanna éisteachta – éist agus tarraing, dánta, éisteacht le scéalta, nuacht phearsanta, sceitsí, seanfhocail agus araile.

Labhairt

Labhairt neamhfhoirmiúil

Chomh minic agus is féidir i rith an lae, baintear usáid as an nGaeilge chun go gcloisfidh na páistí an Ghaeilge á usáid go nadúrtha… mar shampla.. teachtaireachtaí, lá breithe, Oíche Shamhna. Baintear usáid chomh maith as na rannta, scéalta agus dánta chun go mbainfidh na páistí taithneamh as agus go mbeidh said ag foghlaim i ngan fhios dóibh féin.

Labhairt fhoirmiúil

Beidh na páistí ag labhairt faoi na téamaí agus na fó-théamaí a bhfuil suim acu iontu. Uaireanta, is féidir leis na múinteoirí na ceachtanna a chur in oiriúint do na páistí, mar shampla, teilifís, cluichí iománaíochta, turas oideachais.

Léitheoireacht

  • Clár ullmhúchán don léitheoireacht – Tá na naíonáin agus rang a haon ag foghlaim agus ag éisteacht le rannta, amhráin, gníomhamhraín agus gníomhrannta. Baintear úsáid as postaeir agus scéalta chun teanga nua a chur i láthair do na páistí. Tá roinnt pictiúr leabhair sa leabharlann ranga. Tá an sraith póstaeir “Tá Teidí ag…” crochta sna seomraí naíonáin agus rang a haon.
  • Bíonn bunús maith cainte ag an bpáiste san bunranganna– tá clár ullmhúcháin don litearthacht sa scoil m.sh. úsaidtear pictiúirleabhair, rainn, prionta sa timpeallacht, cluichí éisteachta agus araile.
  • Cuirtear tús leis an léitheoireacht i Rang 2 agus úsáidtear leabhair mhóra agus beaga, prionta sa timpeallacht, nuacht phearsanta agus araile.
  • Tagann forbairt ar na scileanna léitheoireachta óna méanranganna ar aghaidh ag baint úsáid as téascanna agus tascanna difriúla ar nós fíorleabhair, nuachtáin, irisí, dánta, amhráin, abairtí a chur in ord, léigh agus tarraing pictiúr agus araile.

Scríbhneoireacht

  • Cuirtear tús leis an scríbhneoireacht i Rang a 2 agus úsáidtear na modhanna seo – frásaí agus abairtí a chóipeáil bunaithe ar na téamaí, nuacht phearsanta, cártaí poist agus araile.
  • Tugtar tascanna difriúla do na páistí a scríobh ar nós litir, cárta poist, scéal….
Comhtháthú na snáitheanna

Sa scoil seo cuirfear béim ar éisteacht agus labhairt mar bhunús don litearthacht. Déanfaimid iarracht éisteacht / labhairt / léitheoireacht agus scríbhneoireacht a fhorbairt ar bhealach comhtháite. Déanfaimid ár niarracht chuir chuige cómháithe a gcur I gcrích maidir le múineadh na Gaeilge.Is gá dúinn na háiseanna atá againn a úsáid ar an doigh sin comh fada agus is feidir linn.

Téamaí, straitéisí agus modhanna múinte

Chun deis a thabhairt go ghach páiste cumarsáid a dhéanamh trí Gaeilge is gá éagsúlacht stráitéisí agus modhanna múinte a úsáid.Beidh na téamaí/fothhéamaí ag diriú ar spéis na daltaí. Is faoí gach oide atá sé modhanna múinte a oireann dó/dí don abhar teagasc agus foghlamtha agus do na páistí sa rang. (Féach T.L.lch.64-67).

  • Is iad na deich téamaí atá molta sa churaclann atá in úsáid sa scoil againn.
  • Is iad na straitéisí seo filíocht, rannta, dánta, amhráin, cluichí teanga, scéalaíocht, físeáin drámaíocht agus agallamh atá in úsáid sna ranganna.
  • Seo iad na modhanna múinte atá in úsáid sa scoil seo:
  1. An modh díreach
  2. Modh na sraithe
  3. Modh na lánfhreagartha gníomhaí
  4. An modh closlabharta
  5. An modh closamhairc
  6. Modh na ráite

Gaeilge Neamhfhoirmiúil – úsáid na Gaeilge i rith an lae

Déanann muid iarracht an Ghaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir linn i rith an lae.

  • ócáidí rialta i rith an lae … am rolla/lón/ar maidin/ag dul abhaile srl. (Féach Aguisín 3)
  • Beannachtaí
  • Páidreacha
  • teachtaireachtaí
  • bainisteoireacht ranga
  • prionta sa timpeallacht / fógraí / comharthaí srl. (Féach Aguisín 4)
  • Frása na seachtaine (Féach Aguisín 5)

Pleanáil Eagraíochta

Pleanáil an Mhúinteora

Déanann na múinteoirí pleanáil fad téarmach agus pleanáil gearr téarmach.

Áiseanna

Sa scoil seo táimid ag úsáid “Maith Thú”

Sa bpacáiste “Maith thú” tá:

  • Lámhleabhair an pháiste
  • Lámhleabhair an mhúinteora
  • Cártaí an mhúinteora
  • Dlúthdhioscaí
  • Póstaeir
  • Luaschártaí
  • Cluíchí bord
  • Lámh puipéad
  • Leabhar mhóra
  1. Tá liosta ar fáil de na háiseanna eile ar nós leabhair filíochta, téipeanna agus dlúthdhioscaí, bogearraí
  2. (ICT) atá in usáid again sa scoil seo. (Féach Aguisín 6)
  3. Ba mhaith linn an leabharlann a fhorbairt go rialta.
  4. Bíonn na múinteoirí freagrach as na háiseanna ar fad.
  5. Bailítear áiseanna óna páistí go rialta agus foilsítear a gcuid oibre chomh minic agus is féidir.

Éagsúlacht Cumais

Déanaimid gach iarracht ar leas na páistí agus creidimid gur féidir leo ar fad páirt a ghlacadh san obair ó bhéal ach ní chuirtear brú orthu. Déanaimid freastal ar na páistí trí éagsúlacht módhanna múinte agus ábhair a roghnú. Tá paistí ar leath sa scoil go bhfuil saoirseacht acu ón ngaeilge.

Comhtháthú le hÁbhair eile

  • Corpoideachas: Cluichí clóis, damhsaí, ag éisteacht le treoracha, rannta scipeála
  • Ceol: amhráin Gaeilge
  • Matamaitic: uimhreaas – rainn chomhaireamh
  • Na hamharceolaíona: Péint agus dathú; péinteáil- na dathanna i nGaeilge.
  • Tíreolaíocht: Léarscáileanna – Tuiscint d’áit. Treoireacha.

Measúnú

Tá béim sa churaclam seo ar an úsáid is fearr a bhaint as an dteanga chun cumarsáid a dhéanamh; mar sin déanfar measúnú ar éisteacht agus tuiscint agus labhairt go háirithe. Seo iad na húirlisí atá in úsáid againn:

  • Dírbhreathnú an mhúinteora ar an bpáiste
  • Tascanna agus trialacha deartha ag an múinteoir
  • Bailiúchán d’obair agus de thoinscadáil an pháiste.
  • Liosta na bhfeidhmeanna teanga

Obair Bhaile

Tugtar obair bhaile in nGaeilge ó am go ham. Féach ar polaisaí obair bhaile sa scoil.

Forbairt Foirne

Tá Gaeilge ag gach múinteoir sa scoil agus tá suim acu san ábhar. Múineann said an Ghaeilge go coinsiasach. Baineann muid leas as Clár Tacaíocht don Churaclam Bunscoile. Cuirtear eolas sa scoil máidir le cursaí.

Tuismitheoirí agus an Ghaeilge

Tá dearcadh dearfach ag tromlach do na tuismitheoirí don Ghaeilge. Tá siad ar an eolas faoin gcur chuige nua sa Ghaeilge. Molaimid dóibh ó am go chéile TG4, a chur ar siúl sa bhaile. Spreagaimid na tuismitheoirí chun na cúpla focail atá acu a úsáid lena bpáistí.

Comhionannas

Déanaimid gach iarracht sa scoil seo cothrom na féine a thabhairt do gach páiste agus meas a bheith acu ar a chéile.

  • Critéir Rathúlachta
  • Breathnóireacht an mhúinteora
  • Cóipleabhair / tionscnaimh
  • Aiseolas ó na tuismitheoirí agus na daltaí
  • Aiseolas ón gcigire

Cur i bhfeidhm

  1. Rólanna agus freagracht:Tá na múinteoirí uilig freagrach as an bplean seo.
  2. Sprioc dháta leis an bplean a chur i bhfeidhm: Tá an plean á chur i bhfeidhm láithreach.

Athbhreithniú

Beidh freagracht ar an bpríomhoide an t-athbhreithniú a eagrú, in éineacht leis an bhfoireann teagaisc. Déanadh athbheithniú í mí an Mheitheamh 2013.